Ar an leathanach seo, tá sraith físeán le Comhairleoir Oideachais an Áisaonaid, Aingeal Nic an tSábhaisigh, ar roinnt áiseanna dár gcuid. Pléann Aingeal le hábhar agus leibhéal na n-áiseanna agus roinneann moltaí maidir leis na bealaí is éifeachtaí lena n-úsáid sa seomra ranga. Cuirfear leis an leathanach seo de réir a chéile.
Tá taithí na mblianta ag Aingeal in earnáil an Ghaeloideachais, mar mhúinteoir agus mar phríomhoide. Más mian leatsa comhairle a fháil ar aon áiseanna de chuid an Áisaonaid, is féidir teagmháil a dhéanamh léi ag aingeal@aisaonad.org.
Mata
Litearthacht
Áiseanna Digiteacha
Folláine
Mata
An Leabhar Mór Mata
Leabhar mór a phléann le réimse de thopaicí mata. Labhraíonn Aingeal ar na straitéisí is éifeachtaí le scileanna mata, comhoibrithe agus smaointeoireachta na ndaltaí a fhorbairt.
Cluichí Mata
Cluichí spraíúla lena gcuirtear gníomhaíochtaí matamaitice i láthair na ndaltaí ar bhealach spreagúil taitneamhach. Cuardaigh ‘Cluichí Mata’ sa bharra cuardaigh thuas le níos mó eolais a fháil.
Litearthacht
Cluichí Teanga
Sraith de chluichí lena ndéantar cleachtadh agus athneartú ar struchtúir éagsúla teanga. Níos mó eolais ar na cluichí féin anseo – Cluichí Leibhéal 1 agus Cluichí Leibhéal 2.
Leabhair Luathbhlianta
Sraith leabhar atá dírithe ar na daltaí ag bun na scoile. Tá roinnt moltaí ag Aingeal san fhíseán seo ar na bealaí is éifeachtaí le huastairbhe a bhaint as na leabhair seo.
Labhraígí Amach
2 thacar de 6 dhráma lenar féidir freastal ar réimse de leibhéil cumais. Níos mó eolais anseo.
Áiseanna Digiteacha
Seomra Nuachta
Seo an tseirbhís laethúil nuachta ar líne atá ar fáil saor in aisce do scoileanna an tuaiscirt ar an ardán C2k. Tá bailiúchán mór d’ailt agus d’ábhar ilmheáin eile ar réimse leathan de thopaicí ar fáil ar an ardán seo agus tá moltaí ag Aingeal ar na bealaí is éifeachtaí lena n-úsáid.
NuachtAnois
Seo an tseirbhís laethúil nuachta ar líne atá ar fáil saor in aisce do scoileanna fud fad na tíre. Tá bailiúchán mór d’ailt agus d’ábhar ilmheáin eile ar réimse leathan de thopaicí ar fáil ar an ardán seo agus tá moltaí ag Aingeal ar na bealaí is éifeachtaí lena n-úsáid. Tabhair cuairt ar NuachtAnois duit féin anseo.
Folláine
Mothúcháin
Sraith de leabhair ghlúine a phléann leis na mothúcháin agus le cinntí a bheadh le déanamh ag na daltaí ina saol. Freagraíonn na leabhair seo do thopaic na folláine sa dá churaclam. Níos mó eolais anseo.
Bainistigh úsáid fianán
Baineann an suíomh seo úsáid as fianáin riachtanacha le go n-oibreoidh sé. Ba mhaith linn fianáin eile a úsáid fosta le feabhas a chur ar d'eispéireas. Ina measc, tá eolas anaithnid de chuid Google Analytics a bhaineann le staitisticí. Cuidíonn fianáin linn cuimhneamh ar do chuid roghanna agus anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbaintear úsáid as an suíomh. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus le do roghanna a athrú, cliceáil ar an chnaipe roghanna sa phainéal seo, agus inár bPolasaí Fianán le do chuid roghanna a bhainistiú.
Feidhmiúil
Gníomhach i gcónaí
Tá an stóráil nó rochtain theicniúil iomlán riachtanach agus dlisteanach lena ligean don úsáideoir nó don síntiúsóir an tseirbhís shainiúil seo, atá iarrtha go sonrach aige nó aici, a úsáid, nó le go ndéanfaí cumarsáid thar ghréasán leictreonach agus chun na críche sin amháin.
Preferences
The technical storage or access is necessary for the legitimate purpose of storing preferences that are not requested by the subscriber or user.
Staitisticí
The technical storage or access that is used exclusively for statistical purposes.Ní bhaintear feidhm as an stóráil nó rochtain theicniúil ach amháin chun críche staitistiúla ar bhonn iomlán anaithnid. Gan subpoena, gan toiliú deonach ón Soláthraí Seirbhíse Idirlín s’agat, nó gan taifid bhreise ó thríú páirtí, ní féidir faisnéis a stóráiltear nó a aisghabhtar chun na críche sin amháin a úsáid chun tú a aithint.
Margaíocht
The technical storage or access is required to create user profiles to send advertising, or to track the user on a website or across several websites for similar marketing purposes.