![](https://aisaonad.org/wp-content/uploads/2022/06/Eist-2-768x308.png)
Bhí ócáid ghalánta againn i gColáiste Ollscoile Naomh Muire inniu, an 7ú Meitheamh, 2022, nuair a tugadh aitheantas d’iarrachtaí na ndaltaí uilig a chuir isteach ar an chomórtas scríbhneoireachta ‘Scríobh Leabhar’.
![](https://aisaonad.org/wp-content/uploads/2022/06/Aingeal-768x794.png)
Ba í Comhairleoir Oideachais nua-cheaptha an Áisaonaid, Aingeal Nic an tSábhaisigh, a chuir fáilte roimh na páistí agus na múinteoirí s’acu agus a ghabh comhghairdeas leo as an éacht ollmhór a bhí déanta acu leis na leabhair iontacha uilig.
![](https://aisaonad.org/wp-content/uploads/2022/06/Myra-3-768x763.png)
Ansin, labhair an t-aoi speisialta s’againn, Máire Zepf ar cheird agus ealaín na scríbhneoireachta agus mhínigh sí an cur chuige a bhíonn aici féin agus í ag scríobh.
Is comórtas é Scríobh Leabhar a eagraíonn an tÁisaonad thar ceann Fhoras na Gaeilge. Tugann sé deis do dhaltaí a samhlaíocht a ghríosú agus a gcuid cruthaitheachta a scaoileadh saor trína leabhar féin a chruthú ó thús go deireadh. Nuair a bhíonn an leabhar réidh, roinneann siad é le páistí eile i scoil eile. Is eispéireas thar a bheith tairbheach é do gach duine!
Gabhann an tÁisaonad comhghairdeas arís le gach duine a ghlac páirt sa chomórtas in 2022.