Aimsigh é!

Polasaí Príobháideachta

Cé muid?

Is é an seoladh idirlín atá againn ná: https://www.aisaonad.org/.


Na sonraí pearsanta a bhailímid agus an fáth a mbailímid iad

Nuair a chuireann tú ordú isteach…

Le go dtig linn glacadh le horduithe agus iad a phróiseáil, bíonn orainn na sonraí seo a leanas a bhailiú uait:

  • Céadainm agus sloinne
  • Ainm na scoile nó na heagraíochta lena mbaineann tú
  • Seoladh seachadta
  • Uimhir ghutháin
  • Seoladh ríomhphoist

Coinneoidh muid an t-eolas seo ar an bhunachar slán s’againn, go dtí go n-iarrfaidh tusa orainn fáil réitithe de. Ligeann sé seo dúinn d’ordú a phróiseáil, taifid a choinneáil de na horduithe a fhaighimid agus anailís a dhéanamh ar threochtaí agus staitisticí margaíochta.

Fianáin

Bainimid feidhm as fianáin laistigh den suíomh gréasáin s’againn d’fhonn an t-eispéireas úsáideora a fheabhsú do chuairteoirí. Tá níos mó eolais ar na fianáin ar fáil sa Pholasaí Fianán s’againn.

Inneachar ó shuíomhanna eile

D’fhéadfadh sé, ó am go chéile, go ndéanfadh muid ábhair ó shuíomhanna eile a neadú ar an suíomh seo (e.g. físeáin, íomhánna, míreanna idirghníomhacha srl.). Feidhmíonn an t-inneachar seo ó shuíomhanna eile amhail is go mbeifeá ag plé leis ar an suíomh lena mbaineann sé.

D’fhéadfadh sé go mbaileodh na suíomhanna seo sonraí faoi dtaobh díot, go mbeadh a gcuid fianán féin in úsáid acu, go mbeadh uirlisí rianaithe tríú páirtí in úsaid acu agus go ndéanfadh siad monatóireacht ar an dóigh a ndéanann tú idirghníomhú leis an inneachar neadaithe seo, lena n-áirítear rianú a dhéanamh ar d’idirghníomhú leis an inneachar neadaithe má tá cuntas agat leis an suíomh gréasáin sin agus má tá tú sínithe isteach.

Anailísiú

Bainimid feidhm as Google Analytics le faisnéis anaithnid a bhailiú i dtaca le hiompraíocht na n-úsáideoirí s’againn agus iad ag úsáid an tsuímh gréasáin seo. Éascaíonn sé dúinn an suíomh agus an t-eispéireas úsáideora a fheabhsú. Bainfidh muid feidhm as fianáin leis an iompraíocht úsáideora a rianú.


An roinnimid do chuid sonraí le dream ar bith eile?

Ní roinnimid aon sonraí pearsanta a chuirfeá ar fáil dúinn le dream ar bith eile, in am ar bith. Ní bhaintear úsáid astu ach amháin le horduithe a phróiseáil agus le ceisteanna nó fiosrúcháin eile a fhreagairt.


Cá fhad a choinnímid na sonraí s’agat?

Coinneoidh muid sonraí orduithe agus sonraí i dtaca le fiosrúcháin ghinearálta go dtí go n-iarrfaidh tusa orainn fáil réitithe díobh.


Cad iad na cearta atá agat i dtaca le do chuid sonraí?

Is féidir leatsa a iarraidh go gcuirfí comhad easpórtáilte chugat de na sonraí pearsanta atá againn faoi dtaobh díot, lena n-áirítear aon sonraí a chuir tusa ar fáil dúinn. Is féidir leat a iarraidh orainn fosta, in am ar bith, na sonraí pearsanta atá againn faoi dtaobh díot a scriosadh. Níl le déanamh agat ach teagmháil a dhéanamh linn. Ní chuimsíonn sé seo aon sonraí is gá dúinn a choinneáil chun críche riaracháin, dlí nó slándála.


Na sonraí teagmhála s’againn

Coláiste Ollscoile Naomh Muire, 191 Bóthar na bhFál, Béal Feirste, BT12 6FE

Guthán: +44 28 90 24 38 64. eolas@aisaonad.org


Eolas Breise

Cosaint sonraí

Coinnítear na sonraí ar fad a bhailímid i mbunachar slán ar fhreastalaí idirlín slán. Coinnítear aon fhiosrúcháin a dhéantar tríd an ríomhphost ar fhreastalaí slán ríomhphoist. Ní bhíonn rochtain ag aon duine ar do chuid sonraí in am ar bith, ach amháin riarthóirí an tsuímh seo a mbeadh na sonraí logála isteach iomchuí acu.

Na cearta príobháideachta s’agat

Faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí sa RA, tá na cearta a leanas agat:

  1. An ceart go gcoinneofaí ar an eolas thú
  2. Ceart rochtana
  3. Ceart ceartaithe sonraí
  4. Ceart scriosta sonraí
  5. An ceart a iarraidh go gcuirfí srian le próiseáil
  6. Ceart chun iniomparthacht sonraí
  7. Ceart easaontaithe
  8. Cearta maidir le cinnteoireacht agus próifíliú uathoibríoch.

Ár n-áiseanna

Déan teagmháil

Má tá cuidiú uait le hordú, nó le hordú nua, beidh áthas orainn cuidiú leat.