Aimsigh é!

Maidir linn

Cé muid?

Bunaíodh an tÁisaonad i 1998 le háiseanna oideachais a sholáthar d’earnáil na Gaelscolaíochta, ar comhchaighdeán agus ar chomhphraghas lena gcomhionann i mBéarla.

Tá an tÁisaonad á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá sé lonnaithe i gColáiste Ollscoile Naomh Muire.

Tá ceathrar d’fhoireann lánaimseartha agus duine amháin páirtaimseartha san Áisaonad. Tá Coiste Comhairliúchán againn a cheadaíonn agus a dhéanann monatóireacht ar ár gcuid tionscadal agus tá fócasghrúpaí de mhúinteoirí againn a bhíonn rannpháirteach i roghnú ábhar, i ndréachtú téacsanna agus i dtéacsanna a fhaomhadh le dul chuig clódóir.

Chomh maith leis na foilseacháin, cuireann an tÁisaonad tacaíocht agus oiliúint ar fáil do scoileanna, i gcomhar le Seirbhís Tacaíochta agus Chomhairle na mBord Oideachais agus Leabharlann, maidir le dea-úsáid ár gcuid áiseanna.

Aimsigh ar Facebook, ar Instagram, agus ar Twitter muid!

Foireann an Áisaonaid

Ciarán Ó Pronntaigh, Bainisteoir

Aingeal Nic an tSábhaisigh, Comhairleoir Oideachais

Gabhan Ó Dochartaigh, Eagarthóir/Aistritheoir

Colm Mac Aindreasa, Teicneoir

Ciarán Ó Dornáin, Riarthóir

Cliceáil ar ainm le teachtaireacht a sheoladh

An tÁisaonad

Coláiste Ollscoile Naomh Muire

191 Bóthar na bhFál

Béal Feirste

BT12 6FE

Guthán: +44 28 90 24 38 64

eolas@aisaonad.org

Ár n-áiseanna

Déan teagmháil

Má tá cuidiú uait le hordú, nó le hordú nua, beidh áthas orainn cuidiú leat.