Aimsigh é!

Ardú Praghsanna ón 1ú Deireadh Fómhair

Is oth linn a fhógairt, mar gheall ar arduithe suntasacha i gcostais páipéir agus eile, go mbeidh orainn roinnt dár gcuid praghsanna a ardú. Sheachain muid an cinneadh seo chomh fada agus a thiocfadh linn ach níl an dara rogha againn anois.

Ba mhaith linn rabhadh ceart a thabhairt do na scoileanna faoi na harduithe seo agus ní rachaidh siad i bhfeidhm go dtí an 1ú Deireadh Fómhair. Aon orduithe a shroicheann an oifig roimh an dáta sin, cuirfear an seanphraghas i bhfeidhm.

Is mór linn bhur dtuiscint ar an cheist seo.