Aimsigh é!

Áiseanna Barefoot

Iarradh ar an Áisaonad sraith áiseanna a bhaineann leis an Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil a chur in oiriúint don Ghaelscolaíocht. Baineann na háiseanna le dream darb ainm Barefoot. Is eagraíocht iad a chuireann oiliúint ar fáil ar theagasc na smaointeoireachta ríomhaireachtúla do scoileanna. Tá an oiliúint seo go hiomlán saor in aisce (sa Tuaisceart amháin) – níl le déanamh agat ach teagmháil a dhéanamh leo agus na socruithe cuí a dhéanamh. Mura mbíonn siad in ann oiliúnaí a chur amach chuig an scoil, cuirfidh siad seisiún ar líne ar fáil don fhoireann (i mBéarla amháin, is dócha).

Le níos mó eolais a fháil, le seisiún oiliúna a eagrú don scoil s’agat agus leis na háiseanna Gaeilge a íoslódáil – cláraigh saor in aisce le Barefoot ag www.barefootcomputing.org.