Ba é Oisín McGann a scríobh an bunscéal seo. Is athinsint é ar scéal traidisiúnta faoi Fhionn mac Chumhail agus an bua a fhaigheann sé ar an arracht atá ag crá na Teamhrach gach bliain. Eachtra atá lán foréigin agus fola!
Sraith de 4 leabhar ag leibhéal teanga a fhóireann don léitheoireacht ghasta nó don léitheoireacht neamhspleách. Is leabhair iad seo ón fhoilsitheoir Barrington Stoke a chuireann leabhair le húdair mór le rá ar fáil agus iad dírithe ar léitheoirí drogallacha sna luathdhéaga. Tá siad clóite ar pháipéar uachtair – rud a éascaíonn an léitheoireacht – agus rinneadh iarracht bheith tuisceanach don léitheoir leis an leagan Gaeilge.
£4.00
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Tá deireadh ag teacht le Internet Explorer. Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha ar nós Chrome, Firefox nó Edge a úsáid
An tÁisaonad
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT 12 6FE