Ba é Alan Gibbons a scríobh bunleagan an leabhair seo. Tá rud éigin aisteach faoi fhear an cheamara! Agus cá bhfuil tuismitheoirí Shéimí? Tá rudaí uafásacha ag tarlú agus caithfidh Séimí an obair bhleachtaireachta a dhéanamh. Beidh tú cúramach faoi cé a ghlacann do phictiúr amach anseo!
Baineann an leabhar seo le sraith leabhar ag leibhéal teanga a fhóireann don léitheoireacht ghasta nó don léitheoireacht neamhspleách. Is leabhair iad seo ón fhoilsitheoir Barrington Stoke a chuireann leabhair le húdair mór le rá ar fáil agus iad dírithe ar léitheoirí drogallacha sna luathdhéaga. Tá siad clóite ar pháipéar uachtair – rud a éascaíonn an léitheoireacht – agus rinneadh iarracht bheith tuisceanach don léitheoir leis an leagan Gaeilge.
£4.00
Sa stoc againn
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Baineann an suíomh seo úsáid as fianáin riachtanacha le go n-oibreoidh sé. Ba mhaith linn fianáin eile a úsáid fosta le feabhas a chur ar d'eispéireas. Ina measc, tá fianáin a bhaineann leis na háiseanna s’againn agus le do chiseán siopadóireachta. Mholfadh muid daoibh iad seo a cheadú nó cuidíonn siad linn cuimhneamh ar do chuid roghanna. Bainimid úsáid as Google Analytics le sonraí anaithnide a bhailiú a chuidíonn linn anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbaintear úsáid as an suíomh ach NÍ ROINNIMID aon eolas le Google a chuidíonn leo tú a rianú ná chun críche margaíochta. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus le do roghanna a athrú, cliceáil ar an chnaipe roghanna sa phainéal seo, agus inár bPolasaí Fianán le do chuid roghanna a bhainistiú.