Aimsigh é!

Matamaitic Bhunscoile Collins

Matamaitic Bhunscoile Collins

Clár matamaitice atá in Matamaitic Bhunscoile Collins ina bhfuil an-bhéim ar obair phraiticiúil na matamaitice. Tá moltaí ann do mhata meabhrach, cluichí agus dóigheanna éagsúla le páistí a spreagadh le suim a mhúscailt sa mhatamaitic.

Sa chlár seo, tá:

Leabhair ghníomhaíochta don dalta, atá lándaite agus tarraingteach.

Bunleathanaigh chóipeála don obair bhaile, mar chleachtaí breise agus mar chleachtaí tacaíochta.

Comhad an mhúinteora (i mBéarla) ar dhlúthdhiosca ina bhfuil moltaí ar an dóigh is éifeachtaí leis an chlár a úsáid, mar aon le pleananna ceachtanna agus plean bliana chomh maith le moltaí d’obair phraiticiúil agus do chluichí. Nó is féidir leat na nótaí múinteora a íoslódáil anseo.

Cuireadh le chéile foclóir cuimsitheach de gach téarma matamaitice sa tsraith seo.  Íoslódáil Teanga na hUimhearthachta anseo.

Nó bain triail as an ríomhfhoclóir ag CEA:

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Matamaitic Bhunscoile Collins 2 – Leabhar Saothair 1

Leabhar an dalta 1 do Mhatamaitic Bunscoile Collins, cuid a...

Tarrtháil!

Leabhar ina bhfuil scéal faoi Titantic agus scéalta tarrthála eile...

Degas agus an Damhsóir Beag

Scéal gleoite faoin ealaíontóir, Edgar Degas, agus girseach bheag