Is cluichí iad seo leis an teanga ó bhéal a fhorbairt agus a dhaingniú sna páistí sna chéad bhlianta ar scoil. Is féidir na cluichí seo a imirt sa Bhonnchéim ach an múinteoir nó na cúntóirí a bheith ag tacú leis na páistí.
Agus na rialacha agus na spriocanna ar eolas acu, beidh páistí ábalta imirt go neamhspleách.
Is féidir na cluichí a úsáid le ranganna níos airde le dul siar ar phointe teanga agus le páistí a chur a imirt go neamhspleách ar mhaithe le hathchleachtadh agus le teanga ó bhéal a dhaingniú.
An chéad chúpla uair a imrítear na cluichí, bheadh ar dhuine fásta a chinntiú go gcloítear leis na rialacha agus go bhfuil an sprioctheanga in úsáid. Le cleachtadh, ba chóir go mbeadh na focail agus na frásaí ag na páistí gan stró. Is bealach é seo le páistí a chur a chaint agus a úsáid frásaí áirithe ó bhéal. Imreoidh sé sin tionchar ar labhairt na bpáistí go ginearálta, ar an léitheoireacht agus ar na chéad iarrachtaí a dhéanann páistí bheith ag scríobh.
Tá an foclóir agus na frásaí sna cluichí seo ag teacht leis an fhoclóir agus na frásaí atá sa chlár luathléitheoireachta, Cleite. Agus na focail agus na frásaí ar eolas ó bhéal roimh thosú, agus iad ag léamh, beidh sé sin ina chuidiú ag páistí dul i ngleic leis an léitheoireacht.
£25.00
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Baineann an suíomh seo úsáid as fianáin riachtanacha le go n-oibreoidh sé. Ba mhaith linn fianáin eile a úsáid fosta le feabhas a chur ar d'eispéireas. Ina measc, tá fianáin a bhaineann leis na háiseanna s’againn agus le do chiseán siopadóireachta. Mholfadh muid daoibh iad seo a cheadú nó cuidíonn siad linn cuimhneamh ar do chuid roghanna. Bainimid úsáid as Google Analytics le sonraí anaithnide a bhailiú a chuidíonn linn anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbaintear úsáid as an suíomh ach NÍ ROINNIMID aon eolas le Google a chuidíonn leo tú a rianú ná chun críche margaíochta. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus le do roghanna a athrú, cliceáil ar an chnaipe roghanna sa phainéal seo, agus inár bPolasaí Fianán le do chuid roghanna a bhainistiú.