Aimsigh é!

Cluichí Teanga Leibhéal 2

Cluichí Teanga Leibhéal 2

An dara sraith de chluichí teanga atá bunaithe ar an scéim léitheoireachta, Cleite – an  Clár Luathléitheoireachta.

Is cluichí iad seo leis an teanga ó bhéal a fhorbairt agus a dhaingniú sna páistí sna chéad bhlianta ar scoil. Is féidir na cluichí seo a imirt i Rang 1 go Rang 3 (sna Naíonáin Bheaga agus Mhóra nó i Rang 1) ach an múinteoir nó na cúntóirí a bheith ag tacú leis na páistí.

Agus na rialacha agus na spriocanna ar eolas acu, beidh páistí ábalta imirt go neamhspleách.

Is féidir na cluichí a úsáid le ranganna níos airde le dul siar ar phointe teanga agus le páistí a chur a imirt go neamhspleách ar mhaithe le hathchleachtadh agus le teanga ó bhéal a dhaingniú.

Tá an foclóir agus na frásaí sna cluichí seo ag teacht leis an fhoclóir agus na frásaí atá sa chlár luathléitheoireachta, Cleite. Agus na focail agus na frásaí ar eolas ó bhéal roimh thosú, agus iad ag léamh, beidh sé sin ina chuidiú ag páistí dul i ngleic leis an léitheoireacht.

£25.00

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

An Leabhar Mór Matamaitice

Leabhar Mór a chlúdaíonn gach gné den mhatamaitic bhunscoile. Spreagfaidh...

Cluichí Teanga Leibhéal 1

Is cluichí iad seo leis an teanga ó bhéal a...