Paul Dowswell a scríobh bunleagan an leabhair seo.
Saoire den scoth. Bád álainn. Farraige ghorm. An taobh eile den Domhan.
Sin a shíl siad…
Anois – tá siad i mbaol a mbáis…
Nuair a bhain mamaí Dhónaill saoire, d’iarr siad ar Sheosamh teacht leo. Coicís faoin ghrian ar an taobh eile den Domhan. Ach, ansin, tháinig foghlaithe mara ar bord an bháid acu.
Codladh leis na héisc in áit snámh leis na héisc a bhí rompu…shílfeá!
Tá plean de dhíth ar Sheosamh–go gasta!
Baineann an leabhar seo le sraith leabhar ag leibhéal teanga a fhóireann don léitheoireacht ghasta nó don léitheoireacht neamhspleách. Is leabhair iad seo ón fhoilsitheoir Barrington Stoke a chuireann leabhair le húdair mór le rá ar fáil agus iad dírithe ar léitheoirí drogallacha sna luathdhéaga. Tá siad clóite ar pháipéar uachtair – rud a éascaíonn an léitheoireacht – agus rinneadh iarracht bheith tuisceanach don léitheoir leis an leagan Gaeilge.
£4.00
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Baineann an suíomh seo úsáid as fianáin riachtanacha le go n-oibreoidh sé. Ba mhaith linn fianáin eile a úsáid fosta le feabhas a chur ar d'eispéireas. Ina measc, tá fianáin a bhaineann leis na háiseanna s’againn agus le do chiseán siopadóireachta. Mholfadh muid daoibh iad seo a cheadú nó cuidíonn siad linn cuimhneamh ar do chuid roghanna. Bainimid úsáid as Google Analytics le sonraí anaithnide a bhailiú a chuidíonn linn anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbaintear úsáid as an suíomh ach NÍ ROINNIMID aon eolas le Google a chuidíonn leo tú a rianú ná chun críche margaíochta. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus le do roghanna a athrú, cliceáil ar an chnaipe roghanna sa phainéal seo, agus inár bPolasaí Fianán le do chuid roghanna a bhainistiú.