Scéim leathan don léitheoireacht chomhpháirteach. Úsáidtear le grúpa é. Is trí réimse de chineálacha léitheoireachta agus leabhair dhaite tharraingteacha a spreagtar páistí i mbun léitheoireachta leis an scéim seo.
Cuimsíonn an scéim réimse de sheánraí agus cineálacha scríbhneoireachta, idir fhicsean agus neamhfhicsean.
Is scéim í seo atá dírithe ar Eochairchéim 1 (aois 6-8) agus féidearthachtaí ann lena húsáid sa Bhonnchéim (aois 4-6) agus in Eochairchéim 2 (aois 8-11).
Tá 20 céim ann ar fad agus 5 leabhar i ngach céim. Tá dath agus uimhir na céime ar chlúdach cúil gach leabhair.
Is féidir an scéim ina hiomláine (i.e. tacar de 100 leabhar) a ordú thíos ag bun an leathanaigh seo. An praghas atá luaite thíos, sin an praghas atá ar 100 leabhar (agus cuirfear lacáiste i bhfeidhm air ag an scipéad) ach más rud é go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na teidil as cló, déanfaidh muid an praghas a choigeartú sula gcuirfear an sonrasc amach chugat.
Más rud é go bhfuil tú ar thóir teideal faoi leith, is féidir leabhair aonair a ordú ar an leathanach seo.
Tá réimse de chineálacha léitheoireachta i ngach céim: scéalta, dánta, treoracha, oidis, drámaí, leabhair neamhfhicsin.
Tá téama a ritheann trí gach céim, m.sh.
Céim 7 – Ainmhithe agus peataí
Céim 13 – Mé féin
Céim 19 – Feithidí
Amharc ar theidil na scéalta / na ndánta. srl. atá sna cnuasaigh i ngach céim anseo le feiceáil an réimse stíl scríbhneoireachta agus ábhar léitheoireachta atá iontu.
• Cnuasach amháin ina bhfuil dán agus a dó nó a trí de scéalta.
• Leabhar/leabhair ina bhfuil dráma, oideas, eolas.
• Leabhar/leabhair ina bhfuil scéal nó athinsint.
• Leabhair mhóra, ceann i ngach céim ó 5 go 15 (10 ar fad).
Leathanaigh Threoracha don Mhúinteoir – gheobhaidh tú anseo moltaí ar an dóigh le ceacht phraiticiúil a bhunú ar an leabhar agus ar an dóigh leis na leabhair a úsáid i nGaeilge. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Céimeanna 1 – 5 Céimeanna 6 – 10 Céimeanna 11 – 15 Céimeanna 16 – 20
Leathanaigh Thacaíochta – pacáiste curtha le chéile ag múinteoirí. Tá siad céimnithe ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá plean cuimsitheach mar chuid den phacáiste seo. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Céimeanna 1 – 5 Céimeanna 6 – 10 Céimeanna 11 – 15 Céimeanna 16 – 20
Leathanaigh Bhreise don Dalta. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Céimeanna 1 – 5 Céimeanna 6 – 10 Céimeanna 11 – 15 Céimeanna 16 – 20
£300.00
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Tá deireadh ag teacht le Internet Explorer. Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha ar nós Chrome, Firefox nó Edge a úsáid
An tÁisaonad
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT 12 6FE