Aimsigh é!

Cluichí Teanga Leibhéal 2

Cluichí Teanga Leibhéal 2

An dara sraith de chluichí teanga atá bunaithe ar an scéim léitheoireachta, Cleite – an  Clár Luathléitheoireachta.

Is cluichí iad seo leis an teanga ó bhéal a fhorbairt agus a dhaingniú sna páistí sna chéad bhlianta ar scoil. Is féidir na cluichí seo a imirt i Rang 1 go Rang 3 (sna Naíonáin Bheaga agus Mhóra nó i Rang 1) ach an múinteoir nó na cúntóirí a bheith ag tacú leis na páistí.

Agus na rialacha agus na spriocanna ar eolas acu, beidh páistí ábalta imirt go neamhspleách.

Is féidir na cluichí a úsáid le ranganna níos airde le dul siar ar phointe teanga agus le páistí a chur a imirt go neamhspleách ar mhaithe le hathchleachtadh agus le teanga ó bhéal a dhaingniú.

Tá an foclóir agus na frásaí sna cluichí seo ag teacht leis an fhoclóir agus na frásaí atá sa chlár luathléitheoireachta, Cleite. Agus na focail agus na frásaí ar eolas ó bhéal roimh thosú, agus iad ag léamh, beidh sé sin ina chuidiú ag páistí dul i ngleic leis an léitheoireacht.

£25.00

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Siúil Leat

Scéal faoi shiúlóid urraithe agus cairdeas

Tóraíocht Taisce

Scéal faoi Nic agus an clár teilifíse is fearr leis

Bratacha

Leabhar faoi bhratacha.