Aimsigh é!

Deirdre an Bhróin

Deirdre an Bhróin

Ba mhaith le Conchubhar Deirdre a choinneáil aige féin. Coinníonn sé í ar shiúl ó chuideachta agus í ag fás aníos, ach ní thig leis srian a choinneáil ar an ghrá a fhásann idir í agus Naoise. Fearg, feall agus foréigean a tharlaíonn sa deireadh.

Sraith de 3 leabhar a bhaineann le téama an laochais. Deirdre an Bhróin, Fionn agus an Fathach agus Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm. Leabhair tharraingteacha ina bhfuil pictiúir ghrafacha atá dírithe ar léitheoirí cumasacha in EC2. Tá siad scríofa i nGaeilge Chúige Uladh agus béim ar shaibhriú teanga agus frásaí dúchasacha a chuirfidh le cumas labhartha agus scríofa na ndaltaí. Tá gluais i nGaeilge ar an leathanach céanna a chuideoidh le leanúnachas sa scéal. Bain triail fosta as an chód mhearfhreagartha (QR-chód) a thabharfaidh thú go díreach chuig suíomh an Áisaonaid, áit a dtig éisteacht le taifid de na scéalta.

£4.00

Sa stoc againn

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Ba Fibonacci

Scéal a bhfuil an t-uimhreas fite fuaite tríd.

3, 2, 1 Éirigh

Scéal faoi Róise de Loicéad, a roicéad agus comórtas na...

Matamaitic Bhunscoile Collins

Clár matamaitice atá in Matamaitic Bhunscoile Collins ina bhfuil an-bhéim...