Aimsigh é!

Fionn agus an Fathach

Fionn agus an Fathach

Tosaíonn an scéal seo leis an dóigh ar ceapadh Fionn mac Chumhaill mar cheannaire ar na Fianna. Baineann an chuid eile le Fionn agus seachtar laoch dá chuid a bhfuil buanna ar leith acu. Cuirtear na buanna seo i bhfeidhm agus iad sa tóir ar fhathach uafásach a sciobann páistí.

Sraith de 3 leabhar a bhaineann le téama an laochais. Deirdre an Bhróin, Fionn agus an Fathach agus Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm. Leabhair tharraingteacha ina bhfuil pictiúir ghrafacha atá dírithe ar léitheoirí cumasacha in EC2. Tá siad scríofa i nGaeilge Chúige Uladh agus béim ar shaibhriú teanga agus frásaí dúchasacha a chuirfidh le cumas labhartha agus scríofa na ndaltaí. Tá gluais i nGaeilge ar an leathanach céanna a chuideoidh le leanúnachas sa scéal. Bain triail fosta as an chód mhearfhreagartha (QR-chód) a thabharfaidh thú go díreach chuig suíomh an Áisaonaid, áit a dtig éisteacht le taifid de na scéalta.

£4.00

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Ní Mar a Shíltear a Bhítear

Cad é atá de dhíth le dráma a chur le...

Matamaitic Bhunscoile Collins 3 – Leabhar an dalta 1

Téacsleabhar an dalta 1 do Mhatamaitic Bunscoile Collins, cuid a...