Aimsigh é!

Labhraígí Amach!

Labhraígí Amach!

Sraith drámaí d’aoisghrúpa 8-11

 

Leis na drámaí seo, beidh múinteoirí ábalta caint, éisteacht agus léitheoireacht a chur i bhfeidhm go héifeachtach i gclár litearthachta na scoile. Sa tsraith seo, déantar daingniú ar líofacht na teanga, aithint focal, tógáil foclóra agus tuiscint. Tá seans ag daltaí na páirteanna a chleachtadh go minic, rud a chuideoidh le daltaí léamh le mothú agus le ciall agus líofacht sa léitheoireacht a fhorbairt.

Aithnítear difreáil sa léitheoireacht sa dráma seo. Tá na páirteanna scríofa do pháistí a bhfuil ábaltachtaí éagsúla léitheoireachta acu. Is féidir le páistí le hábaltachtaí éagsúla léamh le chéile agus foghlaim óna chéile. Tá na páirteanna sin léirithe thíos agus is féidir páistí a mheaitseáil leis an leibhéal téacs a fhóireann dóibh.

Tá páirteanna ann atá furasta (F), ag meánleibhéal (ML) agus dúshlánach (D).

Leis an léamh os ard bíonn daltaí;
  1. ag obair le chéile mar ghrúpa
  2. ag athléamh agus ag athchleachtadh na léitheoireachta

  3. ag úsáid a nglóir go drámatúil agus go héifeachtach sa léitheoireacht

  4. ag léamh ag a n-ábaltacht féin

Is féidir na drámaí seo a úsáid;
  1. mar chuid de léitheoireacht threoraithe ranga

  2. le grúpa beag lena léamh go neamhspleách

  3. le páistí le deacrachtaí léitheoireachta

  4. le rang iomlán le meascán d’ábaltachtaí

  5. mar shraith drámaí i gclár oibre ranga

  6. le scríbhneoireacht a spreagadh

Is féidir na drámaí seo a úsáid chomh maith le scríobh scripte a spreagadh.

  • Tá an leathanach Measúnaithe Líofachta ar fáil ach cliceáil anseo.
  • Tá cuir-i-láthair de chuid PowerPoint le breis eolais faoin tsraith ar fáil ach cliceáil anseo.
  • Tá mínú ar an dóigh le Labhraígí Amach a úsáid sa seomra ranga le fáil ach cliceáil anseo.

£100.00

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.