Aimsigh é!

Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm

Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm

Scéalta Traidisiúnta d’aois 10-12

Scéal a thosaíonn an oíche a rugadh leanbh agus an tairngreacht a bhí ag baint leis an bhreith sin. Leanann an scéal saol an linbh seo go dtí an oíche sin ag teach Chulainn nuair a tugadh Cú Chulainn air, ainm atá air ó shin.

Sraith de 3 leabhar a bhaineann le téama an laochais. Deirdre an Bhróin, Fionn agus an Fathach agus Mar a Fuair Cú Chulainn a Ainm. Leabhair tharraingteacha ina bhfuil pictiúir ghrafacha atá dírithe ar léitheoirí cumasacha in EC2. Tá siad scríofa i nGaeilge Chúige Uladh agus béim ar shaibhriú teanga agus frásaí dúchasacha a chuirfidh le cumas labhartha agus scríofa na ndaltaí. Tá gluais i nGaeilge ar an leathanach céanna a chuideoidh le leanúnachas sa scéal. Bain triail fosta as an chód mhearfhreagartha (QR-chód) a thabharfaidh thú go díreach chuig suíomh an Áisaonaid, áit a dtig éisteacht le taifid de na scéalta.

£4.00

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Ag Tumadh go Domhain/Lúsaí agus Laraí agus an Fharraige Mhór

2 leabhar mhóra in 1 leabhar amháin, ficsean agus neamhfhicsean.

Matamaitic Bhunscoile Collins 6 – Leabhar an dalta 1

Téacsleabhar an dalta 1 do Mhatamaitic Bunscoile Collins, cuid a...