Aimsigh é!

Vaimpír Croglin

Vaimpír Croglin

Is leagan Gaeilge de leabhar de chuid Terry Deary (údar na Horrible Histories) é Vaimpír Croglin. Is scéal fíor é seo! Cuardaigh ar an idirlíon é mura gcreideann tú! Tá vaimpír ag cur isteach ar mhuintir Croglin, agus ar na daoine nua atá i ndiaidh bogadh isteach i Halla Croglin go háirithe. Téann Tom Taylor agus a chairde sa tóir ar an fhírinne.

Baineann an leabhar seo le sraith leabhar ag leibhéal teanga a fhóireann don léitheoireacht ghasta nó don léitheoireacht neamhspleách. Is leabhair iad seo ón fhoilsitheoir Barrington Stoke a chuireann leabhair le húdair mór le rá ar fáil agus iad dírithe ar léitheoirí drogallacha sna luathdhéaga. Tá siad clóite ar pháipéar uachtair – rud a éascaíonn an léitheoireacht – agus rinneadh iarracht bheith tuisceanach don léitheoir leis an leagan Gaeilge.

£4.00

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Damhán Alla agus Buabhall

Scéal taitneamhach faoi bhuabhall mór láidir agus damhán alla beag...