6 phictiúrleabhar atá dírithe ar an Léitheoireacht i gComhpháirt, don aoisghrúpa 4 go 7.
Cuidíonn an léitheoireacht i gcomhpháirt le léitheoirí óga sult a bhaint as an léitheoireacht, naisc a dhéanamh le taithí phearsanta, samhlaíocht agus teanga a fhorbairt agus bheith ag foghlaim faoi leabhair. Cuireann an léamh agus an t-athléamh le tuiscint agus le struchtúr abairtí agus scéil. Cuirfidh na páistí eolas ar leabhair agus an dóigh le leabhair a láimhseáil. Éireoidh siad cleachta leis an Ghaeilge agus tosóidh siad ‘ag léamh’ agus na habairtí ar eolas acu. Is féidir díriú ar ghnéithe éagsúla den scéal/téacs gach uair a léitear é.
Is é is ‘leabhar glúine’ ann ná leabhar atá rud beag níos mó ná méid an ghnáthleabhair agus a shuífeadh go deas ar ghlúin an duine fhásta le linn léitheoireachta.
Sa bhailiúchán seo, tá 3 leabhar le rím agus 3 leabhar le scéalta, mar atá:
Píobaire Breac Hamelin – Scéal traidisiúnta a bhaineann le hionracas, saint agus daoine a bheith ag seasamh lena bhfocal.
Ná Stop – Leabhar le rím. Treoraíonn Preabaí, antalóp, a chairde tríd an fhásach te, gan stad gan staonadh. An fiú an turas sa deireadh?
Aoife Chineálta – Bhí Aoife Chineálta uaigneach agus í ina cónaí léi féin. Nuair a léirigh sí cineáltas do dhuine eile, rinne sí cara nua di féin!
Cá bhfuil mo stoca? – Cén áit a dtéann na stocaí caillte uilig?
An Siorc Mór – Bhí Siorc Mór ábalta cur isteach ar na héisc eile mar go raibh sé níos mó ná iad ach ní raibh eagla ar phortán an fód a sheasamh.
An Chéad Lá – Bímid uilig neirbhíseach an chéad uair a bhíonn orainn rud a dhéanamh!
Le níos mó ná cóip amháin den leabhar a cheannach, cliceáil ar an teideal le dul chuig leathanach ordaithe an leabhair sin.
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Tá deireadh ag teacht le Internet Explorer. Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha ar nós Chrome, Firefox nó Edge a úsáid
An tÁisaonad
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT 12 6FE