Aimsigh é!

6 Leabhar Ghlúine

6 Leabhar Ghlúine

6 phictiúrleabhar atá dírithe ar an Léitheoireacht i gComhpháirt, don aoisghrúpa 4 go 7.

Cuidíonn an léitheoireacht i gcomhpháirt le léitheoirí óga sult a bhaint as an léitheoireacht, naisc a dhéanamh le taithí phearsanta, samhlaíocht agus teanga a fhorbairt agus bheith ag foghlaim faoi leabhair. Cuireann an léamh agus an t-athléamh le tuiscint agus le struchtúr abairtí agus scéil. Cuirfidh na páistí eolas ar leabhair agus an dóigh le leabhair a láimhseáil. Éireoidh siad cleachta leis an Ghaeilge agus tosóidh siad ‘ag léamh’ agus na habairtí ar eolas acu. Is féidir díriú ar ghnéithe éagsúla den scéal/téacs gach uair a léitear é.

Is é is ‘leabhar glúine’ ann ná leabhar atá rud beag níos mó ná méid an ghnáthleabhair agus a shuífeadh go deas ar ghlúin an duine fhásta le linn léitheoireachta.

Sa bhailiúchán seo, tá 3 leabhar le rím agus 3 leabhar le scéalta, mar atá:

Píobaire Breac Hamelin – Scéal traidisiúnta a bhaineann le hionracas, saint agus daoine a bheith ag seasamh lena bhfocal.

Ná Stop – Leabhar le rím. Treoraíonn Preabaí, antalóp, a chairde tríd an fhásach te, gan stad gan staonadh. An fiú an turas sa deireadh?

Aoife Chineálta – Bhí Aoife Chineálta uaigneach agus í ina cónaí léi féin. Nuair a léirigh sí cineáltas do dhuine eile, rinne sí cara nua di féin!

Cá bhfuil mo stoca? – Cén áit a dtéann na stocaí caillte uilig?

An Siorc Mór – Bhí Siorc Mór ábalta cur isteach ar na héisc eile mar go raibh sé níos mó ná iad ach ní raibh eagla ar phortán an fód a sheasamh.

An Chéad Lá – Bímid uilig neirbhíseach an chéad uair a bhíonn orainn rud a dhéanamh!

Le níos mó ná cóip amháin den leabhar a cheannach, cliceáil ar an teideal le dul chuig leathanach ordaithe an leabhair sin.

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna