Bhí Céim ar Chéim ar an chéad scéim léitheoireachta a d’fhoilsigh an tÁisaonad, thiar ag tús na mílaoise agus bhí sé ceannródaíoch go maith ag an am. Bhí sé ceaptha lena úsáid don léitheoireacht i gcomhpháirt agus le grúpaí beaga de dhaltaí. Chuimsigh sé réimse leathan de sheánraí éagsúla scríbhneoireachta, ó scéalta traidisiúnta go leabhair neamhfhicsin go drámaíocht. Bhí na leabhair lándaite tarraingteacha seo dírithe go príomha ar léitheoirí idir 6-8 mbliana d’aois an chéad lá. Ach, ó shin i leith, tá féidearthachtaí ann lena n-úsáid le léitheoirí níos óige nó le léitheoirí ag barr na bunscoile ar mhaithe leis an léitheoireacht faoi threoir agus an léitheoireacht neamhspleách.
Bhí an scéim seo leagtha amach ina 20 céim i dtús ama agus 5 leabhar i ngach céim. Sa lá atá inniu ann, áfach, molaimid na leabhair mar leabhair léitheoireachta astu féin agus is féidir teidil aonair a cheannach.
Is féidir na leabhair a cheannach ar an leathanach seo.
Is fiú a lua go bhfuil roinnt teideal as stoc againn faoin am seo.
Tá réimse de chineálacha léitheoireachta i ngach céim: scéalta, dánta, treoracha, oidis, drámaí, leabhair neamhfhicsin.
Tá téama a ritheann trí gach céim, m.sh.
Céim 7 – Ainmhithe agus peataí
Céim 13 – Mé féin
Céim 19 – Feithidí
Amharc ar theidil na scéalta / na ndánta. srl. atá sna cnuasaigh i ngach céim anseo le feiceáil an réimse stíl scríbhneoireachta agus ábhar léitheoireachta atá iontu.
• Cnuasach amháin ina bhfuil dán agus a dó nó a trí de scéalta.
• Leabhar/leabhair ina bhfuil dráma, oideas, eolas.
• Leabhar/leabhair ina bhfuil scéal nó athinsint.
• Leabhair mhóra, ceann i ngach céim ó 5 go 15 (10 ar fad).
Leathanaigh Threoracha don Mhúinteoir – gheobhaidh tú anseo moltaí ar an dóigh le ceacht phraiticiúil a bhunú ar an leabhar agus ar an dóigh leis na leabhair a úsáid i nGaeilge. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Ceimeanna 1-5 Ceimeanna 6-10 Ceimeanna 11-15 Ceimeanna 16-20
Leathanaigh Thacaíochta – pacáiste curtha le chéile ag múinteoirí. Tá siad céimnithe ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá plean cuimsitheach mar chuid den phacáiste seo. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Ceimeanna 1-5 Ceimeanna 6-10 Ceimeanna 11-15 Ceimeanna 16-20
Leathanaigh Bhreise don Dalta. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Céimeanna 1 – 5 Céimeanna 6 – 10 Céimeanna 11 – 15 Céimeanna 16 – 20
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Baineann an suíomh seo úsáid as fianáin riachtanacha le go n-oibreoidh sé. Ba mhaith linn fianáin eile a úsáid fosta le feabhas a chur ar d'eispéireas. Ina measc, tá fianáin a bhaineann leis na háiseanna s’againn agus le do chiseán siopadóireachta. Mholfadh muid daoibh iad seo a cheadú nó cuidíonn siad linn cuimhneamh ar do chuid roghanna. Bainimid úsáid as Google Analytics le sonraí anaithnide a bhailiú a chuidíonn linn anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbaintear úsáid as an suíomh ach NÍ ROINNIMID aon eolas le Google a chuidíonn leo tú a rianú ná chun críche margaíochta. Le haghaidh tuilleadh eolais, agus le do roghanna a athrú, cliceáil ar an chnaipe roghanna sa phainéal seo, agus inár bPolasaí Fianán le do chuid roghanna a bhainistiú.