Aimsigh é!

Cleite – An Clár Luathléitheoireachta

Cleite – An Clár Luathléitheoireachta

Clár Luathléitheoireachta an Áisaonaid

i gcomhar le COGG

Clár luathléitheoireachta atá ag teacht le moltaí Breith ar an Léitheoireacht.

Ceithre Bhanda

60 leabhar i mBanda 1 – 3, agus 30 leabhar i mBanda 4 – ficsean agus neamhfhicsean.

210 san iomlán!

Clár struchtúrtha a fhorbraíonn scileanna agus straitéisí le tacú le léitheoireacht na Gaeilge.

Dírithe ar thús na léitheoireachta i gcóras tumoideachais.

Tá gnéithe áirithe teanga agus struchtúir sna Bandaí. Tógtar focail, frásaí agus scileanna de réir a chéile agus ansin daingnítear iad ina dhiaidh sin le hathrá agus le hathchleachtadh.

I ngach Banda, tá:

Spriocfhocal
atá léirithe ar chúl gach leabhair. Is iad seo na focail is minice agus is focail theibí iad. Tógtar ar na focail seo de réir a chéile.

Focail suime
atá léirithe go soiléir sna pictiúir i mBanda 1 ach níos doiléire i mBanda 2 agus 3. Bíonn scileanna agus straitéisí eile de dhíth lena léamh. Forbraítear na scileanna agus na straitéisí seo sa chlár.

Focail fuaime
ina bhfuil litir amháin a sheasann d’fhuaim amháin agus atá furasta a dhíchódú. Ansin, dhá litir a sheasann d’fhuaim, agus fuaimeanna níos casta de réir mar a fhorbraítear an clár.

Ábhar tacaíochta

Tá na leabhair sa chaighdeán ach tá dhá leagan ar fáil le freastal ar na difríochtaí, m.sh. ar an bhó/ar an mbó. Is féidir leagan Ultach nó leagan deisceartach a fháil.

Tá greamáin ar fáil do roinnt leabhar i mBanda 3 le leaganacha éagsúla a chur ar fáil, m.sh. féach, go tapa, chuireamar.

Le tacú le húsáid an chláir seo tá;

  • nótaí múinteora/tuismitheoirí ar chlúdach gach leabhair
  • gníomhaíochtaí le tacú le páistí a bhfuil tacaíocht sa bhreis de dhíth orthu.
  • comhad le heolas ar an chur chuige agus le nótaí agus áiseanna múinteora.
  • measúnú léitheoireachta.
  • póstaeir plé ar chuid de théamaí na leabhar.
  • Ceim_ar_Cheim-Bandailte agus Seidean Sí Bandailte.
  • Cluichí leictreónacha do Banda1, 2 agus 3 ó CEA.

 

Breis eolais:

Banda 1

Banda 2

Banda 3

Banda 4

 

     

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Súil Ghrinn

Súil ghrinn ar a dtig a fheiceáil le micreascóp