Aimsigh é!

Frithbhulaíocht

Frithbhulaíocht

Tá roinnt scéalta againn atá dírithe ar an fhrithbhulaíocht agus iad saor in aisce lena n-íoslódáil…

 

Bróga Bharra

Tá uathachas ar Bharra agus faigheann sé am crua ó na páistí eile ar scoil ach nuair a chuir Seán bróga Bharra air féin – fuair sé léargas agus tuiscint i bhfad níos fearr ar an chineál taithí a fhaigheann Barra den saol.

Scéal, treoir agus paca áiseanna le híoslódáil.


 

Scéal Amira

Bhí ar theaghlach Amira a mbaile féin sa tSiria a fhágáil. Nuair a tháinig siad go hÉirinn ag an tús, rinne daoine tromaíocht ar Amira. Ach d’éirigh cúrsaí níos fearr nuair a d’fhoghlaim an rang s’aici faoin éagsúlacht, faoin ilchineálacht agus faoin chiníochas. Is féidir an scéal a íoslódáil anseo.

 


 

Na Máistíní Meannáin

Bhí Micí Meannán ag caitheamh go holc le Muiris Meannán. Bhí a fhios ag Mánas Meannán faoi seo, ach ní dhearna sé rud ar bith lena stopadh. Bhí Micí iontach brónach agus míshásta. Nuair a labhair Bean de Ghabhar leis na gabhair óga ar an meas agus ar an chineáltas áfach, d’athraigh siad a mbéasa. Ní chaithfidh tú a bheith cairdiúil le duine le meas a léiriú. Is féidir an scéal a íoslódáil anseo.

 

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.