Aimsigh é!

Frithbhulaíocht

Frithbhulaíocht

Tá roinnt scéalta againn atá dírithe ar an fhrithbhulaíocht agus iad saor in aisce lena n-íoslódáil…

 

Bróga Bharra

Tá uathachas ar Bharra agus faigheann sé am crua ó na páistí eile ar scoil ach nuair a chuir Seán bróga Bharra air féin – fuair sé léargas agus tuiscint i bhfad níos fearr ar an chineál taithí a fhaigheann Barra den saol.

Scéal, treoir agus paca áiseanna le híoslódáil.


 

Scéal Amira

Bhí ar theaghlach Amira a mbaile féin sa tSiria a fhágáil. Nuair a tháinig siad go hÉirinn ag an tús, rinne daoine tromaíocht ar Amira. Ach d’éirigh cúrsaí níos fearr nuair a d’fhoghlaim an rang s’aici faoin éagsúlacht, faoin ilchineálacht agus faoin chiníochas. Is féidir an scéal a íoslódáil anseo.

 


 

Na Máistíní Meannáin

Bhí Micí Meannán ag caitheamh go holc le Muiris Meannán. Bhí a fhios ag Mánas Meannán faoi seo, ach ní dhearna sé rud ar bith lena stopadh. Bhí Micí iontach brónach agus míshásta. Nuair a labhair Bean de Ghabhar leis na gabhair óga ar an meas agus ar an chineáltas áfach, d’athraigh siad a mbéasa. Ní chaithfidh tú a bheith cairdiúil le duine le meas a léiriú. Is féidir an scéal a íoslódáil anseo.

 

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Earcail

Seo leabhar ina bhfuil an scéal “Capall Adhmaid na Traí”...

Ealaín Álainn

Sa leabhar seo, tá eolas ar Vincent Van Gogh agus...

Bróga Draíochta

An mbeidh bróga pháistí Scoil an Iarthair maith go leor...