Baile Áiseanna Bunscoil (Deisceart) Leabhair don Léitheoir Drogallach
Sraith leabhar a bhfuil leibhéal ard spéise ag baint leo ach a bheadh fóirsteanach do léitheoirí drogallacha nó do léitheoirí a mbeadh níos mó tacaíochta de dhíth orthu. Tá gluais le fáil ar an leathanach ar a mbeadh focal achrannach, ag bun an leathanaigh féin. Ar a bharr sin, baineadh feidhm as clófhoireann saindeartha agus as dath uachtair ar na leathanaigh leis an léitheoireacht a éascú do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu.
Fóireann na leabhair seo do thús na hiar-bhunscolaíochta, a fhad le haois 14, go fiú, ach bheadh cuid acu fóirsteanach fosta do bharr na bunscoile. (Tá lipéad ‘Leabhar do Dhéagóirí’ ar na leabhair a bhfuil téamaí rud beag níos aibí ag baint leo).
Is féidir leabhair a ordú ar an leathanach seo nó, más mian leat níos mó eolais ar theideal faoi leith, cliceáil ar an nasc thíos.
An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.
Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.
Tá deireadh ag teacht le Internet Explorer. Moltar duit brabhsálaí nua-aimseartha ar nós Chrome, Firefox nó Edge a úsáid
An tÁisaonad
Coláiste Ollscoile Naomh Muire
191, Bóthar na bhFál
Béal Feirste BT 12 6FE