Aimsigh é!

Leabhair don Léitheoir Drogallach

Leabhair don Léitheoir Drogallach

Leabhair don léitheoir drogallach (Tacar 1)

Ocht leabhar úrnua atá ar ardleibhéal spéise ach leibhéal níos ísle léitheoireachta. Tá na chéad 4 leabhar astu seo dírithe ar dhaltaí idir 8-10 mbliana d’aois. (Tá idir leabhair eolais agus scéalta san áireamh sa tsraith seo.)

Leabhair don léitheoir drogallach (Tacar 2)

An dara tacar de leabhair le freastal ar léitheoirí nach fonn leo bheith ag léamh go hiondúil. Tá ábhar ardspéise ag baint leo ach iad fóirsteanach do léitheoirí a mbeadh níos mó tacaíochta de dhíth orthu fosta.

Agus céim níos faide anonn. . .

Sraith leabhar a bhfuil leibhéal ard spéise ag baint leo ach a bheadh fóirsteanach do léitheoirí drogallacha nó do léitheoirí a mbeadh níos mó tacaíochta de dhíth orthu. Tá gluais le fáil ar an leathanach ar a mbeadh focal achrannach, ag bun an leathanaigh féin. Ar a bharr sin, baineadh feidhm as clófhoireann saindeartha agus as dath uachtair ar na leathanaigh leis an léitheoireacht a éascú do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu.

Fóireann na leabhair seo do thús na hiar-bhunscolaíochta, a fhad le haois 14, go fiú, ach bheadh cuid acu fóirsteanach fosta do bharr na bunscoile. (Tá lipéad ‘Leabhar do Dhéagóirí’ ar na leabhair a bhfuil téamaí rud beag níos aibí ag baint leo).

Is féidir leabhair a ordú ar an leathanach seo nó, más mian leat níos mó eolais ar theideal faoi leith, cliceáil ar an nasc thíos.

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

I bhFad ó Shin, i bhFad i gCéin

Leabhar a phléann cúrsaí staire le téamaí amhail, An Éigipt,...

An Rás go dtí an Foscadán

Léigh go réidh! Leabhar ardspéise atá níos inláimhsithe don léitheoir.

Leonardo agus an Buachaill a d’Eitil

Scéal faoin ealaíontóir clúiteach, Leonardo Da Vinci, agus buachaill neag