Aimsigh é!

Leabhair don Léitheoir Drogallach

Leabhair don Léitheoir Drogallach

Sraith leabhar a bhfuil leibhéal ard spéise ag baint leo ach a bheadh fóirsteanach do léitheoirí drogallacha nó do léitheoirí a mbeadh níos mó tacaíochta de dhíth orthu. Tá gluais le fáil ar an leathanach ar a mbeadh focal achrannach, ag bun an leathanaigh féin. Ar a bharr sin, baineadh feidhm as clófhoireann saindeartha agus as dath uachtair ar na leathanaigh leis an léitheoireacht a éascú do dhaltaí a bhfuil disléicse orthu.

Fóireann na leabhair seo do thús na hiar-bhunscolaíochta, a fhad le haois 14, go fiú, ach bheadh cuid acu fóirsteanach fosta do bharr na bunscoile. (Tá lipéad ‘Leabhar do Dhéagóirí’ ar na leabhair a bhfuil téamaí rud beag níos aibí ag baint leo).

Is féidir leabhair a ordú ar an leathanach seo nó, más mian leat níos mó eolais ar theideal faoi leith, cliceáil ar an nasc thíos.

Conas ceannach

Cuidiú uait?

An bhfuil ceist agat faoi áis? Cuir scairt orainn ag an uimhir thíos.

 

Nó ar mhaith leat ordú a chur isteach ar ríomhphost? Déan teagmháil linn ag an seoladh thíos.

Tuilleadh áiseanna

Tarrtháil!

Leabhar ina bhfuil scéal faoi Titantic agus scéalta tarrthála eile...

Nuair a tháinig Micheál

Chuir cuairteoir aisteach cor i gcinniúint Chaitríona

Cara sa Choill

Tá Peilí agus Airne leo féin i ndomhan thar a...