Cuidiú uait? Cuidiú duit!
Seo na hábhair thacaíochta atá curtha ar fáil againn le dul leis na háiseanna a chruthaíonn muid.
Cleite – an Clár Luathléitheoireachta
Ábhair Thacaíochta
Tá áiseanna oiliúna ó mhúinteoirí ar fáil Aiseanna_oiliuna.
Tá taifid reatha ar fáil anseo.
Tá cluichí a théann leis an Chlár Luathléitheoireachta ar fáil anseo.
Céim ar Chéim
Ábhair Thacaíochta
• Leathanaigh Threoracha i nGaeilge don mhúinteoir, ina bhfuil moltaí ar an dóigh le ceacht phraiticiúil a bhunú ar an leabhar agus ar an dóigh leis na leabhair a úsáid i nGaeilge. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Ceimeanna 1-5 Ceimeanna 6-10 Ceimeanna 11-15 Ceimeanna 16-20
• Leathanaigh Thacaíochta, pacáiste curtha le chéile ag múinteoirí. Tá siad céimnithe ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá plean cuimsitheach mar chuid den phacáiste seo. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Ceimeanna 1-5 Ceimeanna 6-10 Ceimeanna 11-15 Ceimeanna 16-20
• Leathanaigh Breise an Dalta. Ar fáil le híoslódáil ag na naisc thíos:
Céimeanna 1 – 5 Céimeanna 6 – 10 Céimeanna 11 – 15 Céimeanna 16 – 20
Áiseanna tacaíochta don léitheoireacht
Tá réimse de thascanna ar fáil le híoslódáil anseo chun tacú leis an léitheoireacht in EC2 ó thuaidh (nó R3-6 ó dheas).
Cuideoidh siad chun scileanna na léitheoireachta a fhorbairt sna daltaí.
Túsfhuaimeanna
Fuaimeanna le cleachtadh ó bhéal don léitheoireacht i gcomhpháirt, le híoslódáil anseo.
A-B-Tír
Sraith leabhar ar thúslitreacha na Gaeilge. Pléitear na consain thosaigh trí chleachtaí meaitseála agus scileanna peannaireachta. Rinneadh na leabhair seo san Áisaonad sa bhliain 2001. Íoslódáil anseo é.
Matamaitic Bhunscoile Collins
Íoslódáil Teanga na hUimhirtheachta anseo, nó bain úsáid as an ríomhfhoclóir.
Frithbhulaíocht
Áiseanna litearthachta (scéalta) agus treorach le híoslódáil
- Bróga Bharra–> Scéal, Treoir don Mhúinteoir & Paca Áiseanna.
- Scéal Amira –> Scéal.
- Na Máistíní Meannáin–> Scéal.
Níos mó eolais anseo.
Ceol le Chéile
Éist le taifid de na hamhráin do na leabhair sa sráith seo.